Coill Chrann Clainne
Díseart Family Tree Garden
Cuireadh do mhuintir Chorca Dhuibhne chun crann a urrú sa Choill Chrann Clainne sa Díseart.
Le barr féile chuir Siúracha na Toirbhirte gairdíní an chlochair, a bhí, in iontaoibh Bhord an Dísirt le bheith ar fáil mar áis chaitheamh aimsire, spioradáltachta, ealaíne, agus cultúir ag muintir Chorca Dhuibhne. Bheartaigh an Bord an gairdín fairsing uachtair a fhorbairt mar Choill Chrann Clainne. Tugaim dá bhrí sin cuireadh do mhuintir na gceithre paróistí, An Daingean, Baile an Fhirtéaraigh, Caisleán Ghriaire agus Abhainn an Scáil, agus do dhaoine eile go bhfuil préamhacha gaoil nó taithí acu sa dúiche, teacht agus páirt a bheith acu sa choill seo. Is é a bheadh le déanamh agat ná crann a urrú agus a chur nó a fháil curtha, agus plaic le hainmneacha clainne air mar atá luaite sa bhfoirm; beidh an phlaic leagtha go daingean i gcóngar an chrainn. An tríú Márta an lá curtha crann. Beidh an phlaic á leagan níos deireanaí. Líon an fhoirm chuí a ghabhann leis seo agus cuir isteach ag an bhFáiltiú sa Díseart é le táille €20, nó seol sa phost é a luaithe is féidir chun: An Díseart, Sr. an Doirín, An Daingean.
Le beannacht, Pádraig Ó Fiannachta, Chairperson of Board.
Payment Options
OPTION 1: Please fill the form which can be downloaded here and hand in at Reception in Díseart with a contribution of €20, or post with same contribution to An Díseart, Green St., Dingle.
Costas crain agus plaice €20
ÍOSLÓDÁIL FOIRM IARRATAS - word doc
ÍOSLÓDÁIL FOIRM IARRATAS - pdf doc
URRAIGH ANOIS AR-LÍNE
OPTION 2: Líon an fhoirm thíos leis na hainmneacha don phlaic.
Aosánach 1* - Riachtanach
Aosánach 2 - Má tá i gceist
Ainm baiste na leanaí ( Má tá i gceist)





