Tá páirt ar leith i gclár
cultúir Díseart ag na ceithre féilte ársa
Ceilteacha agus Críostaí: Imbolg nó Lá 'le Bríde, Bealtaine,
Lúnasa, Samhain. Faigheann imeachtaí cultúir a
thacaíonn le hathbeochan agus le bláthú an chultúr
dúchais tús áite. Ina measc sin tá coirmeacha
ceoil, drámaí, scéalaíocht, léamh
filíochta, taispeántais ealaíne, liotúirgí,
siúlóidí, oilithreachtaí, ceirdeanna
dúchais, seisiúin cheoil.
Tá sé mar aidhm
ag an gclár go mbeadh agallamh agus plé ar na ceisteanna
móra a bhaineann le féiniúlacht, cultúr,
fealsúnacht, spioradáltacht agus le diagacht. Tá an stair
agus an creideamh fite fuaite le saol agus timpeallacht Chorca Dhuibhne.
Tá an leithinis ar an dúthaí is saibhre maidir le
seandálaíocht na ré réamhChríostaí,
chomh maith leis an ré luathChríostaí (e.g. Gallarus, Cill
Maolcéadair, Riasc).
Tugann Díseart cabhair dóibh
seo atá sa tóir ar ár n-oidhreacht spioradálta agus
ag iarraidh í a thuiscint agus a staideár. Tá an
oidhreacht seo mar inspioráid ag Díseart in úire a
bhunaithe; spreagadh eile aige is ea an spiorad "croí do dhaoine"
atá ag Cuallacht na Toirbhirte. Beidh cláracha á
réiteach ag Díseart lena chur ar a gcumas don ghlúin seo
an oidhreacht seo a thuiscint agus tairbhe a bhaint aisti. Táthar ag beartú scéal Nano Nagle, bunaitheoir Ord na Toirbhirte, a léiriú i seomra ar leith.