|
Bunchúrsa sa
Chultúr Dúchais, cúrsa coicíse, leibhéal 1
Cúrsa dhá lá déag é seo.
Ritear an cúrsa seo do ghrúpaí ó Ollscoileanna i
Meiriceá. Tabharfaidh an cúrsa seo bunús do dhaoine i
seandálaíocht, i litríocht, i dteangacha Ceilteacha, i
spioradáltacht, i mbéaloideas, i gceol agus in oidhreacht na
hÉireann, ag baint leasa as an traidisiún beo i gCorca Dhuibhne. Thart
ar 40 uair a' chloig teagaisc i modh idirdhisciplíneach atá i
gceist leis an gcúrsa seo agus tugann sé tuiscint chuimsitheach
ar an gcultúr, an oidhreacht, an litríocht ar an teanga,
idir shean, mheán agus nua.
Dátaí: An chéad choicíos in Eanáir, an tseachtain deiridh de Bhealtaine agus an chéad sheachtain de Mheitheamh,
an coicís deiridh de Mheán Fhómhair
Costas: 590 euro
Cúrsa seachtaine i
Spioradáltacht agus i Miotaseolaíocht Dúchais na
hÉireann
Cúrsa seachtaine is ea é seo a
bheadh oiriúnach do dhaoine gur spéis leo laethanta saoire
cultúrtha agus spioradáltachta i gCorca Dhuibhne. Dhá
lá de thurasanna agus trí lá de léachtaí ar
spioradáltacht agus miotaseolaíocht a bheidh i gceist leis an
gcúrsa seo. Trí na léachtaí, turasanna agus
imeachtaí cultúrtha gheobhaidh na rannpháirtithe blaiseadh
den scéalaíocht, den litríocht bhéil, den
liotúirge Ceilteach agus den spioradáltacht a bhaineann leis an
leithinis. Déanfar turasanna chuig tobair naofa, chuig
láithreacha réamh- agus luath- Chríostaí agus chuig
suíomhanna aitheanta sa leithinis chomh maith.
Dátaí: An tseachtain deiridh de Mhárta
Costas: 360 euro
Cúrsa seachtaine sa
Léann Dúchais:
Litríocht na Sean-Ghaeilge,
Dlithe na mBreithiún agus Finscéalta
Cúrsa
cúig lá é seo atá oiriúnach d'éinne
gur spéis leo staidéar a dhéanamh ar ghnéithe
an-ársa de chultúr na hÉireann. Díreofar isteach ar
litríocht na Sean-Ghaeilge, Dlithe na mBreithiún agus na
finscéalta a bhaineann leis an sean-ré. Léachtaí,
turasanna sa leithinís, agus imeachtaí cultúrtha a bheidh sa
chúrsa seo agus gheobhaidh na rannpháirtithe deis bualadh le
scéalaithe áitiúla agus páirt a ghlacadh i
liotúirge dúchais. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas
iomlán ar sheanlitríocht na hÉireann trí
lámhscríbhinní agus aistriúcháin.
Pléifear roinnt téacsanna go mion.
Dátaí:
An tseachtain leathdhéanach d'Áibreán
Costas: 360 euro
Oilithreacht
Siúlóide Ealaíne
Oilithreacht
Siúlóide é seo a mhairfidh aon lá déag
bunaithe ar thréithe slánaithe thraidisiún na
hOilthreachta in Éirinn. Gheobhaidh na rannpháirtithe blaiseadh
de thalamh agus de chultúr Chorca Dhuibhne agus spreagfar iad chun
doiciméadú a dhéanamh i bhfoirm ealaíonta. Tosnóidh
an turas le léachtaí ar stair, ar thraidisiún agus ar
chultúr Chorca Dhuibhne i nDíseart. Ina dhiaidh sin,
tosnóidh rannpháirtithe ar shiúlóid a thabharfaidh
cuairt ar shuíomhanna ársa na dúthaí, agus a
shúfaidh isteach an radharc tíre mealltach, na sléibhte
loma agus na gleannta glasa. Le linn an turais, beidh a lán ama le
machnamh cruthaitheach a dhéanamh chun ealaín a chruthú.
Spreagfar rannpháirtithe i pé gné den ealaín is
áil leo siúd - péintéireacht, tarraingeoireacht,
sceitseáil, grianghrafadóireacht, scríbhneoireacht,
dealbhadóireacht nó aon fhoirm eile gur mian leo. Cuirfear
críoch leis an oilithreacht sa Daingean le deis plé agus
taispeántais.
Dátaí: Deireadh Bealtaine
Costas: 430 euro
Bunchúrsa sa
Chultúr Dúchais, cúrsaí coicíse,
leibhéal 2
I leibhéal a dó den
chúrsa seo beidh deis ag
rannpháirtithe a dhein leibhéal a haon den chúrsa seo,
nó ag rannpháirtithe go bhfuil taithí áirithe i
gcultúr Gaelach nó Ceilteach acu cheana; dírítear ar dhá
ghné ar leith den chultúr ceilteach - litríocht,
teangacha, stair, ceol, béaloideas, spioradáltacht, nó
seandálaíocht.
Dátaí: An tseachtain deiridh de Bhealtaine agus an chéad sheachtain de Mheitheamh
Costas: 590 euro
Scoileanna Samhraidh
Bíonn Scoileanna Samhraidh againn i gcomhar le hInstitúidí Triú Leibhéal agus grúpaí ar spéis leo Cultúr agus Spiradáltacht Ghael e.g. Scoil Cheoil Eaglasta, Scoil Rince agus Cheoil Thraidisiúinta.
Scoil Samhraidh Spioradáltachta
Costas: 360 euro
Cúrsaí
Fómhair 2008/2009
Tosnóidh
cúrsaí oíche páirt-aimseartha do dhaoine atá
ag maireachtaint sa cheantar i mí Meán Fómhair agus
Deireadh Fómhair. I measc na gcúrsaí atá beartaithe
ag Díseart don bhFómhar 2009 tá Teastas i
Seandálaíocht na hÉireann, Teastas i Stair na
hEalaíne, Teastas sa bhFeirmeoireacht Orgánach, Cúrsa i
gCócaireacht agus Bácáil Traidisiúnta,
Bun-Staidéar ar Chultúr agus ar Litríocht Chorca Dhuibhne,
Cúrsa i Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Ranganna Ceoil agus
Dioplóma i Staidéar Ban. I measc na gcúrsaí
atá pleanálta don bhFómhar 2009 tá Teastas sa Cheol
Traidisiúnta, Teastas i litríocht Chorca Dhuibhne agus
céim pháirt-aimseartha nó Teastas Léann Dúchais i gcomhar
hOllscoil na hÉireann agus Ollscoil Phápúil Mhaigh Nuad. Fáiltíonn
Díseart roimh smaointe mar gheall ar chúrsaí nua eile
chomh maith. Is féidir teagmháil a dhéanamh chun do
mholtaí/thuairimí ar chúrsaí nua a thabhairt
tríd an seoladh ríomhphoist: info@diseart.ie nó ar an
bhfón + 353 66 9152476.
|
| Mic Léinn Fad-Téarmacha/ Sabóideacha
2008/9 |
|
Fáiltíonn Díseart roimh mhic
léinn sabóideacha anseo ar thréimhsí
taighde/staidéir trí mhí - bliain. Tairscímid
cúrsaí léitheoireachta treoraithe in ábhair
éagsúla a bhaineann leis an gcultúr Ceilteach fé
stiúir ollaimh aitheanta san ábhar a roghnaítear.
|
Tá páirt ar leith i gclár
cultúir Díseart ag na ceithre féilte ársa
Ceilteacha: Imbolg nó Lá 'le Bríde, Bealtaine,
Lúnasa agus Samhain. Ceiliúrtar na féilte trí
dhrámaí, scéalaíocht, léamh
filíochta, taispeántais ealaíne, coirmeacha ceoil,
liotúirgí, siúlóidí, oilithreachtaí,
ceirdeanna dúchais agus seisiúin cheoil. Déanfar
ceiliúradh speisialta ar Fhéile na Samhna in 2009 ag cur
fáilte roimh a lán cuairteoirí ó thar lear.
|
|
|