|
|
An tseoid san áit is ea séipéal
álainn an chlochair. Sé J.J. McCarthy M.R.I.A., dalta de chuid
Augustine W. Pugin, a dhearaigh an séipéal seo. Tá
sé gléasta le stallanna gearrtha as dair Spáinneach;
tá altóir déanta as marmar Iodálach ann. Ar an
gcuid is deise de tá dhá fhuinneog déag cró
snáthaide, sé phéire, de ghloine daite a thugann cuntas ar
bheatha Chríost. Sé an t-ealaíontóir Harry Clarke
(1889 - 1931), an mhórchlú, a dhein na sciamhfhuinneoga seo.
Sí an mháthair Ab Ita Macken d'ord na Toirbhirte a d'ordaigh na
fuinneoga sa bhliain 1922 ar chostas £1000 agus go dtí le
déanaí ní raibh teacht go héasca orthu.
|
Léiríonn an sé fhuinneog
mhuilleanach beatha Chríost ó bhreith agus cuairt na saoithe anoir
go dtí Íosa á thaispeáint féin do
Mháire Mhaigdiléana tar éis a aiséirí. Deineadh athchóiriú agus
glanadh ar an fuinneoga le déanaí. Is sampla iad d'oidhreacht
ealaíonta d'Éirinn na haoise seo caite.
|
Rugadh Harry Clarke ar an 17ú lá de
mhí na Márta 1889 i mBaile Átha Cliath agus tógadh
é in uimhir 33 Sráid Frederick thuaidh. D'fhreastal se ar
Mhodhscoil Sr. Maolbhríde agus ina dhiaidh sin Coláiste
Belvedere. D'fhág Harry an scoil i 1903 tar éis bás a
mháthar, chun printíseacht a thosnú lena athair sa
chomhlacht gloine daite agus maisiúchán a bhí aige.
D'fhreastal Harry ar chúrsaí sa "Metropolitan School of
Art" agus an Scoil Ealaíon Kensington Theas idir 1905 agus 1907 go
dtí gur buaileadh breoite é i 1908. Bhí
taispéantais ag Harry san R.D.S. ag an Taispéantas Tionscail
Ealaíona blíantúil i 1910, agus ina dhiaidh seo
bhuaigh sé an bonn óir do ghloine daite trí bliana i
ndiaidh a chéile ó 1911 go 1913 ag comórtas
náisiúinta an Bhoird Oideachais a bhí bunaithe i
Kensington Theas.
Fuair na 11 fuinneoga i Séipéal Honan i gCorcaigh
fáilte chroíúil i 1917, bua mór do Harry mar bé
seo an chéad choimisiún a ghlac sé in Éirinn.
Cailleadh a athair i 1921, agus ansin thóg sé
bainistíocht J. Clarke & Sons lena dhearthár Walter.
Mhol W.B. Yeats Harry go hard - Now the acknowledged best glass is made by Harry Clarke - i 1924 tar éis dó bhonn óir
agus trí bonn airgid a bhuachaint ag Aonach Tailteann san R.D.S don
fhuinneog "Eve of St. Agnes". Cuireadh stop lena chuid oibre ansin ar feadh
tamaill tar éis fabhtú súile a fuair sé in
1925 agus timpiste bóthair i 1926. Níor ghlac an rialtas leis an
"Geneva window" a rinne Harry i 1926 toisc íomhánna gnéis
agus meisceoireachta. Tá an fuinneog anois ar taispeáint i
Florida. Bhí ag teip ar a shláinte agus ag
aois 42 fuair Harry bás ina chodladh i Coire san Eilvéis ar a
bhealach abhaile go Baile Átha Cliath.
Bhí Caoimhghín Ó Fraithile seal
ina ealaíontóir cónaitheach sa Díseart. As Luimneach
ó dhúchas do Ó Fraithile, agus céimí MFA
ó ollscoil Missouri, Columbia is ea é. Thainig sé
ar ais ó Mheiriceá chun a áít a thógaint sa
Díseart. Bhí sé ina ealaíontóir cónaitheach seal sa tSeapáin agus sna Stáit Aontaithe. Tá stiúdíó aige lámh leis an Díseart anois.
Ag usáid ábhair ar nós
tuí, cloch, luaidhe agus salann, oibríonn Caoimhghín ar
ábhair agus insealbhaithe a ligeann don lucht féachana ceangal a
dhéanamh le próiséas na déantasíochta.
Deir sé: "I'm
looking forward to creating a new body of work based on rural traditions and
the landscape of the Dingle Peninsula and working on a series of projects,
which involves the community and brings people together to share skills."
"Is breá liom sean-nósanna a thosnú arís i
measc an phobail" a deir Ó Frathaile.
|
|
|