|
Tá dhá fhuinneog déag chró
snáthaide, sé phéire, le Harry Clarke i
Séipéal an Dísirt sa Daingean bunaithe ar shaol Críost
mar a instear sna raitis scrioptúrtha seo leanas ag tosnú ar
chlé ar dhul isteach duit.
|

|
1. Cuairt na Saoithe
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh
agus Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh
ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus
d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus
miorra. (Matha 2:11)
|

|
2. Baisteadh Íosa
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat
sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. Agus an
túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic
sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a
bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na
flaithis: "Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi."
(Marcas 1:9-11) |

|
3. Ligigí do na
leanaí teacht chugam
Agus bhí siad ag tabhairt na
leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach
bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin
dó, tháinig mí-chéadfa air agus dúirt leo:
"Ligigí do na leanaí teacht chugam, ná coisigí iad,
óir is lena leithéidí seo ríocht Dé" (Marcas
10:13-14) |

|
4. An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáidí
Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas
.
Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt: "Is
méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo
ríocht na bhflaitheas. Is méanar do lucht an dobróin,
óir sólásófar iad. Is méanar dóibh
seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht .."
(Matha 5:1-5) |

|
5. An tAllas Fola
"A Athair" deireadh sé "más toil leat é, tóg
uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do
thoilse. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á
neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide
é ag guí; agus bhí a chuid fola mar a bheadh braonta
ramhra fola ag sileadh go talamh. (Lúcás 22:42-44) |
 |
6. Taispeánann
Íosa á féin do Mháire Mhaigdiléana
Dúirt Íosa léi: "A bhean cén fáth a
bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?" Mheas sí gurbh
é an garraíodóir é agus dúirt leis: "A
dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom
cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é."
"A Mháire," arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus
dúirt as Eabhrais: "Rabúnaí", is é sin le
rá: "A Mháistir" (Eoin 20:15-16) |
|
|