TAIGHDEADH
Díseart
Áiseanna Taighde ag Díseart


Tá leabharlann chuimsitheach an Stiúrthóra acadúil, an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta, Ceann Dhámh an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann Má Nuad tráth, ar fáil do scoláirí. Cnuasach é seo dá bhfuil d'ábhar an Léinn Ghaelaigh i gcló, fara macasamhla de lámhscríbhinní móra na hÉireann - Leabhar Buí Leacan, An Leabhar Laighneach, An Leabhar Breac, Codex Wurzburg.

Baineann Díseart feidhm as na gnéithe is nua-aimseartha den teicneolaíocht faisnéise ina thaighdeadh agus ina theagasc. Tá a leabharlann ag dul i méid de réir a chéile.

 

research



Ábhair Taighde




Déantar taighdeadh ar ghnéithe uile an chultúr dúchais ach béim ar leith ar an ealaín, an litríocht, an spioradáltacht, an béaloideas, an creideamh. Táthar ag súil leis go bhféachfar ar ár n-oidhreacht leanúnach litearthai, i nGaeilge, i Laidin agus ábhar i mBéarla.


Léirmheastóireacht agus critic seachas teangeolaíocht agus gramadach an phríomhspéis. Is é ár ndóchas go mbeidh bláth ar an litríocht chruthaitheach, ar an diagacht dúchais agus ar an ealaín, de thoradh an taighde. Beidh taighdeadh scoláirí sabóideacha agus eile ag cur lenár dtograí léinn; tá áis foilsitheoireachta ar fáil.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 
d

FAOI DHÍSEART

 
 
r

CÚRSAÍ AGUS OIDEACHAS

 
 
 
r

CULTÚR

 
 
r

TAIGHDE

 
 
r

HARRY CLARKE

 
 
 
r
ENGLISH VERSION
   

TEAGMHÁIL LINN

TUAIRIMÍ

Ceangail

   
Díseart,
Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais
An Daingean,
Co. Chiarraí,
Éire.

T: 353 66 9152476
M: 353 66 9152481
E: info@diseart.ie
W: www.diseart.ie

 
Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, An Daingean, Co. Chiarraí, Éire.